Podcasts by Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!

Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!

Bhí Stáisiún Raidió na Bliana Raidió na Life, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer, ag craoladh trí chlár speisialta ón bPicnic Aibhléiseach sa tSráidbhaile i gCo. Laoise, agus féile na Picnice Aibhléisigh ag ceiliúradh an deichiú breithlá acu féin! Bhí an stáisiún raidió pobail ó Bhaile Átha Cliath ag craoladh ón Phuball Gaeilge i gceantar Mindfield na féile, le cláracha lán go béil le ceoltóirí, ealaíontóirí agus tuairiscí ó rudaí éagsúla a bhí ag titim amach ag an bhféile. Bhí Raidió na Life ag tarraingt aird ar an éagsúlacht agus ar an tallann ar leith a bhí le feiceáil sa Phuball Gaeilge agus chuir Muiris Ó Fiannachta, Ruth Ní Ghormáin agus Rob Vipond scoth an Phubaill i láthair ar Raidió na Life thar an deireadh seachtaine.

Further podcasts by teicneoir@raidionalife.ie

Podcast on the topic Darstellende Kunst

All episodes

Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Rónán Ó Muirthile – 2013 - Raidió na Life from 2013-09-01T14:00

An léiritheoir teilifíse agus láithreoir an chláir raidió Splanc ar Newstalk Rónán Ó Muirthile ag cur síos ar an ndíospóireacht sa Phuball Gaeilge a dhéan sé féin a chur i láthair.

Listen
Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Tadhg agus Oisín Peelo Walsh – 2013 - Raidió na Life from 2013-09-01T14:00

Tadhg agus Oisín Peelo Walsh ón mbanna ceoil 'Mo Hat Mo Gheansaí' agus iad díreach tar éis seit a dhéanamh sa Phuball Gaeilge ar cur síos ar na tionscnaimh éagsúla atá ar siúl acu faoi láthair.

Listen
Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Willie White – 2013 - Raidió na Life from 2013-09-01T14:00

Stiúrthóir Ealaíne agus Príomhfheidhmeannach Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath Willie White ag labhairt faoin méid a bhí ar stáitse sa phuball amharclannaíochta agus a bhuacphoinntí féin ...

Listen
Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Mícheál Ó Domhnaill – 2013 - Raidió na Life from 2013-08-31T14:00

Mícheál Ó Domhnaill, tráchtaire spóirt TG4, ag labhairt faoin suíomh livetrad.com agus na himeachtaí sa Phuball Gaeilge a bhí á sruthú acu beo ar an idirlíon.

Listen
Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Darach Ó Tuairisg – 2013 - Raidió na Life from 2013-08-30T20:00

Darach Ó Tuairisg ón gcomhlacht puipéadóireachta agus amharclannaíochta Fíbín, ag cur síos ar a bhaint féin leis an bPuball Gaeilge agus an méid atá ar siúl ag Fíbín faoi láthair.

Listen
Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Aodhán Ó Deá agus Rónán Mistéil – 2013 - Raidió na Life from 2013-08-30T20:00

Aodhán Ó Deá agus Rónán Mistéil ag cur fáilte roimh champálaithe chuig an nGaeltacht bheag a bhí bunaithe acu i gceantar cámpála Jimi Hendrix.

Listen
Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Rossa Ó Snodaigh – 2013 - Raidió na Life from 2013-08-30T20:00

Eagraí an Phubaill Ghaeilge agus an ceoltóir aitheanta Rossa Ó Snodaigh ag cur síos ar an phuball, an fhéile agus an téarmaíocht is fearr do Ghort na hIntinne.

Listen