Podcasts by Nuall na nÓg
Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg
Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge.
Bígí linn ⭕️🎉
Further podcasts by Nuall na nÓg
Podcast on the topic Kunst
All episodes
Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola from 2023-09-30T16:13:46
An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a...
ListenAthbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood. from 2023-08-24T17:32:16
Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan ...
ListenBreith Suas Linn! Mí an Mheithimh from 2023-07-14T15:15
Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhre...
ListenBreith Suas Linn! Mí Aibreáin from 2023-05-17T16:00:22
Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna a...
ListenI gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh from 2023-04-18T11:33:05
Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó D...
ListenBreith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra... from 2023-03-23T14:39:28
Is mó an rud a tharla le mí anuas, agus tá Anna & Andrew níos faide óna chéile na mar a bhí siad ariamh, ach bíonn am acu i gcónaí fá choinne dreas chomhrá agus giota scannal;)
ListenMachnamh, le Síomha from 2023-03-04T17:30:05
SÍOMHA, sea SÍOMHA sa chathaoir the a chomhrádaithe. Ba ardú croí é an eipeasóid seo. Agus é ag druidim le comóradh bliana a halbaim ‘infinite space’, bí sé de phribhléid ag Anna a bheith ...
ListenAg foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell from 2023-01-25T12:16:55
Shuigh Anna le Miadhachlughain O’Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh a...
ListenPod Cinn Bhliana 2022 from 2023-01-17T17:10:32
Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis...
ListenScéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra from 2022-11-08T20:10:35
Labhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fi...
ListenGadaíocht Aitheantais & Gabhar ar Bhus | Scéalta ó Vítneam cuid a haon from 2022-09-27T11:00:05
Tá Anna agus a deirfiúr Kathleen ag caitheamh súil siar ar a gcuid ama i Vítneam agus na heachtraí craiceáilte a tharla inti cosúil le gadaíocht aitheantais ar theorainn Laos, meaisín níocháin s...
ListenEachtraí Mhí Aibreáin - Aistir Féinaithne i gCéin is i gCóngair from 2022-04-28T18:48:38
D'admhaigh an gang d'aon ghlór go raibh sé thar am againn pilleadh ar an chraoltóireacht. Agus BLD char tháinig meirg ar ár gcaint. Sceitheann Andrew fá dtaobh d'eachtraí s'aige sa Téalainn agus...
ListenPod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicron from 2022-01-07T16:31:41
Ár gcuid den bhliain nua oraibh a chairde agus a chomrádaithe! Cuirfidh sé ola ar an chroí a chluinstean go raibh muid in éineacht a chéile le linn na Nollag. Ach, tholg beirt den triúr againn a...
ListenMúinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1 from 2021-11-11T01:43:10
Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ . Labhraíonn mui...
ListenBliain ar an Aer |#15 from 2021-08-05T15:37:30
Catchup mór de dhíth agus Andrew ar ais ó Abu Dhabi. Giota spraoi agus muid uilig le chéile arís. Níor thuig muid a mhéad a chrónaigh muid an chraic!
Comhrá fán Phalaistín le hEoghan Ó Ceannabháin | #14 from 2021-06-02T17:04:56
An tseachtain seo bhí deis ag Cillian agus Andrew giota cainte a dhéanamh le hEoghan O’Ceannabháin ó Phobal Seachas Brabús. Labhair siad fán éagóir leanúnach atá ag dul ar aghaidh sa Phailistín ...
ListenAn tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13 from 2021-04-23T13:36:03
An tseachtain seo bhí an gang ag plé peil sacair. Bhí Andrew ar seachrán ar feadh tamaill ach buíochas le dia tá sé ar ais agus níos rancásaí ná riamh! Dar ndóigh, bhí muid ag olagó...
ListenCealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12 from 2021-03-25T17:47:15
An bhfuil an chumhacht agat duine eile a chealú nó ar chóir duit sochar an amhrais a thabhairt dóibh?
Agus cealchultúr go mór i mbéal an phobail ar líne fá láthair, rinne Anna agus...
ListenRéaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11 from 2021-02-20T14:22:19
Tá an saol gann ar chreidimh a thugann léiriú macánta ar chastachtaí an nuashaoil Téann Anna agus Andrew i ngleic le ceist na spioradáltachta agus déanann siad scagadh ar na réalt...
ListenSraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10 from 2021-01-26T18:26:27
Bhriseamar fríd dromchla ardghlórach, álainn, aerach, mar is fearr aithne atá air, agus bhuaileamar le Cian Ó Gríofa, file, eiseamláir, agus gnáthfhear galánta.
Labha...
ListenPod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9 from 2021-01-05T19:45:40
Seo seó i bhfoirm Reeling in the Years. Triaileann muid idir an mhaith is an t-olc a phlé den raic ar fad ón bhliain úd atá imithe tharainn (buíochas le focain dia). Cuireann muid sraith le chéi...
ListenScannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8 from 2020-12-05T18:00:40
GNÉAS-FHORÉIGEAN ÍOMHÁBHUNAITHE (image-based sexual violence) .i. leagan níos cirte den díoltas phornagrafach (revenge porn): Foréigean gnéasach a imirt ar dhuine trí mheán íomhánna ...
ListenCuir Síoda ar Biden ach is Nua-Liobrálach i gcónaí é | #7 from 2020-11-12T17:39
Cinnte dearfa, is díol céiliúrtha í treascairt Donald Trump. Ach, an dtráfaidh borradh seo an dóchais fá riail Biden agus Kamala? Seo comhrá gairid idir Anna agus Andrew a phléann...
ListenAnna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6 from 2020-10-30T14:47:47
Cuireann fuaimrian galánta leis an phianódóir @ellamcgrory ola ar chroí is ar intleacht na mbuachaillí sa chlár seo. Déanann siad domhantuiscintí pearsanta ar chúrsaí meabhairshláinte a chíoradh...
ListenCleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5 from 2020-10-09T09:00
An tseachtain seo labhair muid le hEmma Ní Fhíoruisce fá gach rud óna cúlra sa cheol go dtí an próiseas scríbhneoireachta s’aici, chomh maith le go leor craice agus cúpla amhrán. An rud...
ListenNa hEalaíona - Earnáil in Éag? | #4 from 2020-09-14T12:33:29
Bígí linn más suim libh ainm gaelach funky-áilte a chur ar bhur mbaibí nó má ba mhaith leat co-op de cheoltóirí a thoiseacht.
#MiseFosta | #3 from 2020-08-14T09:22:34
Labhair Anna inniu le Pauline Scanlon (FairPlé) agus Deirbhle Nic an Aoire faoin ghluaiseacht a tháinig chun solais i saol an cheoil thraidisiúnta le déanaí - #MiseFosta
ListenCOVID, Caipitleachas agus Caife ó Chúba | #2 from 2020-07-31T11:00
Labhair muid inniu faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag COVID ar dhaoine óga - i dtéarmaí eisimirce, fostaíochta, oideachais agus tithíochta - uilig agus póit an diabhail orainn....
ListenAn bhfuil an teanga ag fáil bháis? | #1 from 2020-07-17T11:00
Labhraíonn muid ar ár dtaithí féin leis an teanga, béarlachas, agus neart eile le linn an chéad phodchraoladh seo- bainigí sult!
Listen