2: Cad is cúis le Aimsir na hÉireann - a podcast by Met Éireann

from 2019-07-10T06:28

:: ::

Clár a dó, cuir síos
Bíonn tionchar ollmhór ag an aimsir ar shaol laethúil na hÉireann. Mar sin féin, cad a spreagann an aimsir agus an aeráid a bhíonn againn sa tír seo? Sa chlár seo, beidh muid ag freagairt na ceiste ‘Cad is cúis le Aimsir na hÉireann?’.
Ar an gcéad dul síos, cén fáth a bhfuil aimsir againn ar chor ar bith?
Tosóimid leis na bunphróisis dhomhanda agus ansin díreoidh muid isteach ar Éirinn.
Cén tionchar a bhíonn ag cruth, uainíocht agus ais an domhain ar ár n-aeráid? Cad é “brú aeir “? Cén fáth a bhfuil foraoisí báistí agus fásaigh le feiceáil i mbandaí domhanleitheadacha comhchosúla ar fud na cruinne? Cén fáth go mbíonn brú íseal ag Éirinn go minic agus brú ard ag limistéir eile?
Cén chaoi a mbíonn tionchar ag na rudaí atá ag tarlú san atmaisféar cúig nó deich gciliméadar os cionn ár gceann ar ár drochaimsir? 
Cad é an scaird-sruth agus cén fáth a bhfuil sé níos láidre sa gheimhreadh ná an samhradh? Cad é an fronta  polar agus cén taobh de ar mhaith linn a bheith ann? Cén fáth go bhfaigheann muid na stoirmeacha is dian san fhómhar agus sa gheimhreadh de ghnáth.
Tá Edmonton i gCeanada ar an domhanleithead céanna le Baile Átha Cliath, ach is é meánteocht íosta Edmonton i mí Eanáir ná -15 ° C agus i mBaile Átha Cliath tá sé + 2.4 ° C. Cén fáth?
Má tá Éire ar an domhanleithead céanna le Edmonton i gCeanada, in Alasca sna Stáit Aontaithe agus i Moscó cén fáth nach bhfuil aeráide chomhchosúla againn? 
Conas a dhéanann an tAigéan Atlantach maolú ar ár n-aeráid?
Cad is mais aer ann? Cén chaoi a gcruthaíonn sé agus cén tionchair a bhíonn aige ar an cineál aimsire is féidir linn a bheith ag súil leis?
Tá Edmonton i gCeanada ar an domhanleithead céanna le Baile Átha Cliath, ach is é meánteocht íosta Edmonton i mí Eanáir ná -15 ° C agus i mBaile Átha Cliath tá sé + 2.4 ° C. Cén fáth?
Má tá Éire ar an domhanleithead céanna le Edmonton i gCeanada, in Alasca sna Stáit Aontaithe agus i Moscó cén fáth nach bhfuil aeráide chomhchosúla againn? 
Conas a dhéanann an tAigéan Atlantach maolú ar ár n-aeráid?
Cad is mais Aer ann? Cén chaoi a gcruthaíonn sé agus cén tionchar a bhíonn aige ar an chineál aimsir is féidir linn a bheith ag súil leis?
Déanaimid na heachtraí a dhúnadh amach anois le cór Met Éireann – Na Isobars - agus a n-athdhéanamh ar braon báistí ag titim ar mo cheann.

Further episodes of Podchraoladh Met Éireann

Further podcasts by Met Éireann

Website of Met Éireann