Séamus Ó Flatharta - a podcast by Seán Ó Dubhchon

from 2021-02-19T16:19:12

:: ::

Labhraíonn Séamus Ó Flatharta – amhránaí agus damhsóir ar an sean nós a sheinneann an chláirseach, an fheadóg agus an bodhrán chomh maith - le Seán faoin méid atá bainte amach aige i saol an cheoil go dtí seo, na buaicphointí agus na cuimhní is fearr atá aige, faoi bheith ag ceol lena mhuintir agus na rudaí is mó a spreag a ghrá don cheol. Insíonn Séamus do Sheáin faoin gceolchoirm atá ar siúl aige agus a dheirfiúr Caoimhe d’Fhéile IMBOLC agus tiomsaitheoir airgid atá ar siúl aige faoi láthair do Pieta House. Tugann sé súil siar ar bhliain iontach, le físeáin agus coirmeacha ceoil móra ar nós Fleadh 2020, Samhlú 2020, Other Voices agus an Letterkenny Trad Fest agus déanann siad comhrá faoin stíl uathúil atá ag Séamus chomh maith.

Further episodes of Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Further podcasts by Seán Ó Dubhchon

Website of Seán Ó Dubhchon